D’éirigh mé ’r maidin a tharraing chun aonaigh mhóir
A dhíol ’s a cheannacht mar dhéanfadh mo dhaoine romham
Bhuail tart ar a’ bhealach mé ’s shuí mise síos a dh’ól
’S le Siobhán Ní Dhuibhir gur ól mise luach na mbróg
A Shiobhán Ní Dhuibhir an miste leat mé bheith tinn?
Mo bhrón ’s mo mhilleadh má’s miste liom tú ’bheigh i gcill
Bróinte ’gus muilte bheith scileadh ar chúl do chinn
Ach cead a bheith in Iorras go dtara síol Éabh’ ’un cinn
A Shiobhán Ní Dhuibhir ’s tú bun agus barr mo scéil
Ar mhná an cruinne go dtug sise ’n báire léi
Le gile le finne le mais’ is le dhá dtrian scéimh
’S nach mise ’n trua Mhuire bheith scaradh amárach léi
Thiar in Iorras tá searc agus grá mo chléibh
Planda ’n linbh a d’eitigh mo phósadh inné
Beir scéala uaim chuicí má thug mise póg dá béal
Go dtabharfainn dí tuilleadh dá gcuirfeadh siad bólacht léi
“Beir scéala uaim chuige go dearfa nach bpósaim é
Ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé
Nuair nach bhfuil agamsa maoin nó mórán spré
Bíodh a rogha aige ’s beith mise ’r mo chomhairle féin”
supported by 6 fans who also own “Siobhán Ní Dhuibhir”
The original CD was one of my first internet purchases around 1999/2000. The only place I could find it was some random music store in Holland, I had to send a check and it took almost 6 months to show up in the mail 😂 Travis Donnell
Former member of Fela Kuti’s Egypt 80 unveils a rich, swinging new record that pulls from jazz and soul in its high-wattage songs. Bandcamp New & Notable Apr 24, 2024